Dáta a bhreithe: Lúnasa 20ú, 1970
Dáta a bháis: Deireadh Fómhair 2ú, 2025.
Nuair a bhí Manchán Magan ina fhear óg ag taisteal na cruinne sna 1990idí, bhain sé na Himiléithe amach agus é san India. I mbaile beag go hard sna sléibhte, chuir sé faoi i seanchró beithíoch. Ní fhéadfadh an lóistín a bheith mórán níos bunúsaí. Ach bhí radhairc dhochreidte aige ar Nanda Devi, an dara sliabh is airde san India agus áit ar leith i dtaobh na miotas de.
Ba ansin a tháinig a dheartháir, Ruán, air. Bhí cúlra scannánaíochta ag Ruán agus bhí sé tar éis coimisiún beag a fháil ó Theilifís na Gaeilge, TG4 mar atá sa lá atá inniu ann, chun físdialann ghearr a dhéanamh ar an nGael rómánsach a thug droim don saol comhaimseartha ar mhaithe leis na Himiléithe. “Chuaigh mé go dtí an India chun físdialann a dhéanamh ach tháinig mé abhaile le dhá scannán faisnéise,” a deir Ruán Magan.
Ba thús a bhí ann le comhpháirtíocht thairbheach, Manchán os comhair na gceamaraí teilifíse agus Ruán ar an taobh eile díobh. Rinneadar thart ar 60 clár teilifíse, ag treabhadh goirt nua i gcraoltóireacht na Gaeilge. Rinne na cláir agus a chuid scríbhneoireachta seoid náisiúnta de Mhanchán Magan, a bhásaigh le gairid de bharr ailse.
Ní gnáthphearsa meáin a bhí san fhear seo a ndearnadh cur síos air mar ‘bhailitheoir solais’.
Continue Reading on The Irish Times
This preview shows approximately 15% of the article. Read the full story on the publisher's website to support quality journalism.