Bhí Matilda Dudley dhá bhliain is fiche d’aois nuair a ceapadh í ina captaen ar an gcraobh áitiúil de Chumann na mBan ina ceantar dúchais i nGarinis ar leithinis Bhéarra i gCo. Chorcaí. Níor fhan sí thart le deireadh na cogaíochta a fheiceáil, áfach. I Nollaig na bliana 1922, agus an cogadh cathartha fós faoi lán seoil, thug sí agus a deirfiúr Maggie an bád bán orthu féin agus chuaigh anonn go dtí Fall Rivers in Massachusetts. Bhí neart gaolta ag Matilda roimpi i Meiriceá agus d’éirigh léi post a fháil mar bhanaltra. Ní fios ar fhill sí ar Éirinn riamh.
[ Read the complete Century: 1923 Birth of a Nation seriesOpens in new window ]
An ghluaiseacht in aghaidh na himirce
Ba mar sin a bhí an saol ag cuid mhór den ghlúin a chreid sa réabhlóid in Éirinn ag tús an chéid seo caite. Idir na blianta 1850 agus 1914, bhí ráta eisimirce níos airde in Éirinn ná i dtír ar bith eile san Eoraip. Ní nach ionadh, mar sin, go raibh sé mar mhóraidhm ag lucht na réabhlóide an gnás seanbhunaithe seo a bhriseadh. D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge go leor bolscaireachta a chuir ina luí ar dhaoine óga gan an tír ‘a thréigean’ agus thug Pádraig Mac Piarais le fios gurbh ionann d
Continue Reading on The Irish Times
This preview shows approximately 15% of the article. Read the full story on the publisher's website to support quality journalism.