Tá scéimeanna maoinithe a thabharfaidh tacaíocht d’ealaíontóirí gairmiúla, d’eagraíochtaí ealaíon agus do ghrúpaí pobail i ngach réimse de na healaíona sa Ghaeltacht á bhfógairt ag Ealaín na Gaeltachta do 2026.
In 2025, le maoiniú ó Ealaín na Gaeltachta, ghlac 128,577 duine páirt in imeachtaí agus i dtionscnaimh ealaíon agus fostaíodh 2,023 ealaíontóir.
Is iad na healaíontóirí, na heagraíochtaí ealaíon agus na grúpaí pobail croí na n-ealaíon sa Ghaeltacht agus is de bharr a gcuid cruthaitheachta agus díograise atá saol cultúrtha lán de shaibhreas agus éagsúlacht sa Ghaeltacht, agus bíonn imeachtaí spleodracha ealaíon ar siúl ó cheann ceann na bliana.
“Uirlis forbartha ríthábhachtach iad na scéimeanna maoinithe atá tar éis tacú leis an iliomad tionscadal agus ealaíontóirí Gaeltachta ón síol go dtí an bláth agus an toradh thar n
Continue Reading on The Irish Times
This preview shows approximately 15% of the article. Read the full story on the publisher's website to support quality journalism.